•  
Maidir leis An Líonra

Tá an suíomh seo forbartha ag Fiontraithe le Gaeilge ar mhaithe le fiontraíocht Ghaeilge agus Gaeltachta a chothú, agus mar áis do phobal na Gaeilge i gcoitinne.

Tá fáilte roimh éinne clárú leis an suíomh seo, a gcuid ábhar i nGaeilge a fhoilsiú, agus teagmháil agus caidreamh a dhéanamh lena gcomh-Ghaeilgeóirí.

Is leagan beta é an suíomh seo faoi láthair. Ach go h-áirithe, níl an t-aistriúchán go Gaeilge i bhfeidhm go h-iomlán go fóill. Táthar ag obair faoi láthair ar leagan nua den mbogearra a chuirfidh ar ár gcumas gaelú cuimsitheach a dhéanamh ar an suíomh, ar an gcomheádan, agus ar na teachtaireachtaí ríomhphoist a seoltar go dtís na baill. Tá súil againn go mbeidh sé sin i bhfeidhm i gceann cúpla mí.

Iarrtar ar úsáideoirí an chórais seo meas a léiriú do dhaoine eile, don ndlí agus don gcóipcheart. Bí stuama agus ciallmhar agus an córas in úsáid agat.

Má fheiceann tú ábhar ar an suíomh seo atá mí-chuí, iarrtar ort sinn a chur ar an eolas faoi. Bain úsáid as an nasc atá ar an leathanach ar a bhfuil an t-ábhar foilsithe chun gearán a dhéanamh le riarthóirí an tsuímh, nó seol ríomhphost go dtí cabhair AG anlionra.net.

Ní mór duit a bheith ós cionn 13 bliana d'aois chun an tseirbhís seo a úsáid.

Is féidir téarmaí seirbhíse an chórais a léamh anseo.

Terms of Service